Fáilte ón bPríomhoide ~ Welcome from the Principal

Thar cheann Boird Bainistíochta, foireann, páistí agus pobal na Gaelscoile ba mhaith liom fíor fáilte a chur romhaibh go Gaelscoil Lios Tuathail.

 Tá súil againn go mbeidh na blianta amach romhainn thar a bheith taitneamhach agus tairbheach dúinn ar fad idir pháistí, múinteoirí agus tuismitheoirí.

Tá sé fíor-thábhachtach go mbeidh caidreamh oscailte, cairdiúil agus ómósach idir an scoil agus baile. Le chéile déanfaimid ár ndícheall chun an sprioc seo a bhaint amach.

Más féidir le h-aon duine anseo aon cheist a fhreagairt nó cabhrú libh le buairt ar bith atá ag cur as daoibh buail isteach chugainn nó cuir glaoch ar an scoil.

Tá súil againn go gcabhróidh an suíomh seo libh pictiúr a fháil do Ghaelscoil Lios Tuathail agus do cad é a bhíonn ar siúl againn ó lá go lae.

Bainigí taitneamh as!

Is mise le meas,

Seána Ní Chuain 

Príomhoide



On behalf of the Board of Management, staff, pupils and Gaelscoil community I wish to welcome you to Gaelscoil Lios Tuathail.

I hope that the years ahead are beneficial and enjoyable for pupils, parents, staff members and that we will look back on our time together fondly.

It is important to have an open, friendly, and respectful relationship between home and school. We work together to achieve this aim.

If anybody here can answer your query or help in any way with any concern you might have, big or small, please do not hesitate to call or visit the school.

I hope this website will give a picture of what we do on a daily basis in Gaelscoil Lios Tuathail

Enjoy it!

Le gach dea ghuí

Seána Ní Chuain

Principal