Polasaí Obair Bhaile

An polasaí atá i nGaelscoil Lios Tuathail ná h-obair bhaile a thabhairt.

Sprioc Amannta:

Beidh difríocht idir an méid ama a thógfaidh sé dos na ranganna eagsúla agus dos na páistí an obair bhaile a dhéanamh. Is féidir na h – amannta seo a leanas a thógaint mar mheán. Ní cheart níos mó ná na hamanta seo a chaitheamh ar obair bhaile. Má tá an t-am seo caite agat air agus má tá tú sásta go bhfuil a d(h)ícheall déanta ag do leanbh agus mura bhfuil sé críochnaithe, stop agus cuir nóta i ndialann an pháiste chun an scéal seo a mhíniú.

Naíonáin 15 noiméad

Rang 1 & 2 30 noiméad

Rang 3 & 4 45 noiméad

Rang 5 & 6 1 uair

Aidhmeanna:

Na príomh aidhmeanna a bhaineann le h-obair bhaile ná:

1. Dul siar agus chur i bhfeidhm ar an obair scoile.

2. Chun go mbeadh taithí ag na páistí obair as a stuaim féin.

3. Bunús a chruthú le haghaidh staidéar amach anseo.

4. Ionas go mbeadh na tuismitheoirí in ann súil a choimeád ar dhul chun cinn na bpáistí.

5. Chun na tuismitheoirí a spreagadh chun páirt a ghlacadh in oideachas foirmiúil a bpáiste féin.

Treoirlínte ginearálta

1. Múch an teilifís, agus go ginearálta cruthaigh atmasféar oiriúnach don obair bhaile.

2. Tóg am rialta agus oiriúnach chun obair bhaile a dhéanamh

3. Muna féidir le do pháiste a h-obair bhaile a dhéanamh de ghnáth, déan coinne chun labhairt lena m(h)úinteoir faoi.

4. Is fearr súil a choiméad ar do pháiste le linn dóibh an obair bhaile a dhéanamh.

5. Ní cheart bheith i gconaí ag déanamh comparáid idir obair bhaile do pháiste agus obair bhaile páistí eile.

6. Cuir béim ar obair néata.

7. Bí cinnte go bhfuil do pháiste ag fáil dóthain codladh.

8. Bíonn níos mó ná obair scríofa i gceist in obair bhaile, bíonn leitheoireacht, litriú,tablaí staidéar agus araile i gceist leis. Tá freagracht ar thuismitheoirí an obair foghlama a dhéanamh lena bpáiste chomh maith.

9. Caithfidh tuismitheoir an dialann a shiniú.

10. Nuair nach bhfuil an obair déanta ba cheart nóta a sheoladh don mhúinteoir ag miniú do/di cén fáth.

Feidhmíonn Club Obair Bhaile sa scoil lá amháin sa tseachtain do leanaí áirithe i Rang a 2 go 6. Sé polasaí LINK a leanfaimid agus sinn ag roghnú daoine don chlub obair bhaile agus roghnóimid na daoine a bhainfeadh an leas is fearr as. Caithfear a mheabhrú do thuismitheoirí go gcaithfidh siad san an obair bhaile a sheiceáil gach oíche agus obair léitheoireachta agus obair foghlama a dhéanamh lena bpáiste na haon oíche chomh maith. Caifear dialann an linbh a shíniú ina dhiaidh.