Cumarsáid Bhaile Scoile

Is iad seo na slite cumarsáide atá i bhfeidh sa scoil seo. Moltar duit claoi leo i dtreo is go mbeidh sé ar chumas na múinteoirí bheith i mbun ranga.

* Beidh cruinniú sa dara téarma leis an múinteoir ranga chun dul chun cinn do pháiste(í) a phlé. Tarlaíonn siad seo i Mí na Samhna de ghnáth.

* Is féidir le tuismitheoir coinne a dhéanamh le haon mhúinteoir chun fadhbanna nó dul chun cinn na bpáistí a phlé le linn am scoile nó ag am ar bith i rith na bliana. Déan an coinne seo trí litir a sheoladh isteach nó glaoch a chur ar an runaí. Le do thoil, abair linn cad fé go dteastaíonn uait labhairt nuair atá an coinne á dhéanamh agat.

* Níl sé oiriúnach teacht chuig doras an seomra ranga ar maidin agus cruinniú a lorg leis an múinteoir ranga ar an bpointe. Tá an t-am atá ag an múinteoir lena rang ana luachmhar. Usáidtear an t-am seo chun éisteacht le léitheoireacht agus chun obair bhaile a cheartú agus tá am ana theoranta ag an múinteoir chun dul tríd na héinne. An slí is éifeachtaí na chun coinne a lorg mar ansan beidh an t-am ag an múinteoir chun éisteacht leat, chun labhairt leat agus chun cabhrú leat, rud a chinntíonn go bhfuil socrú ann.

* Is féidir coinne a dhéanamh chun bualadh le Príomhoide na scoile tríd labhairt le Máire an Runaí ach a bheith cinnte gur labhair sibh leis an múinteoir ranga ar dtús.

* Cuirfear cruinnithe ar siúl faoin ullmhúcháin do Shacraimintí an Choineartaithe / Chomaoine. Cuirfear téacs agus litir abhaile leis an eolas.

* Tá Text a Parent i bhfeidhm againn sa scoil ach uaireanta ligeann an áis teicneolaíochta iontach seo síos sin agus ní i gconaí a fhaigheann daoine na teachtaireachtaí. Chomh luath is a thuigeann tú nach bhfuil siad á fháil agat, téir chuig an oifig agus déanfaimid ár ndícheall an fhadhb seo a réiteach duit.

* Buailfear le páistí nua na scoile ag dul i dtreo lár Mí an Mheithimh. Déanfar socraithe na páistí atá cláraithe don scoil bhliain nua cuairt a thabhairt ar an scoil chun taithí a fháil ar an seomra agus araile agus aithne a chuir ar an múinteoir, de ghnáth roimis laethanta saoire an tSamhraidh.

* Moltar freastal ar cruinniú chinn bhliana de Choiste tuismitheoirí na scoile.

* Cuirfear nótaí abhaile mar aon le nuacht litreacha chun eolas a scaipeadh faoi imeachtaí na scoile. Is ceart go síneofar dialann do pháiste(í) gach uile oíche.

Seo an chumarsáid laethúil is tábhachtaí idir an scoil agus baile.

* Iarrtar oraibh tacaíocht a thabhairt agus freastal ar imeachtaí a bhaineann leis an scoil más féidir.

* Cuirfear tuairisc ar gach pháiste amach timpeall 10 lá roimis dheireadh na scoil bhliana. Coimeádfar an tuairisc céanna sa scoil.

* Oibríonn Príomhoide agus múinteoirí na scoile óna 8.40am go dtí 2.30p.m. Níl cead riamh glaoch guthán a chur orthu sa bhaile nó ar fón póca ach ar uimhir na scoile amháin. Bíonn Runaí na scoile san oifig óna 8:50 go dtí 2.30.

* Chun srian a chur leis na huaireanta a chuirtear isteach ar obair ranga; is féidir boscaí lóin, airgead, leabhair scoile, nó aon rud eile go dteastaíonn ó thuismitheoir a thabhairt dá bpáiste a fhágaint san oifig.

* Tá múinteoir caidrimh scoile/baile bainteach leis an scoil chun tacú le tuismitheoirí, is féidir coinne a dhéanamh chun bualadh leí. Bíonn sí sa scoil dhá uair sa tseachtain.

* Tá bosca molta lonnaithe san oifig. Is féidir aon mholadh a cheapann tú go gcabhródh le dul chun cinn na scoile a chur isteach ann.

* Tá beirt thuismitheoir ar an mBord Bainistíochta. Is féidir libh dul i dteangabháil leo má theastaíonn uait ábhar ar bith a phlé ag an gcruinniú Boird. De ghnáth bíonn cruinniú Bord Bainistíochta uair sa téarma.