Rialacha na Scoile ~ Rules

Rialacha na Scoile.

1. Labharfaidh mé Gaeilge i gconaí taobh istigh agus taobh amuigh don rang go mór mhór sa chlós. S’í teanga na scoile í agus tuigim gur fearr Gaeilge briste ná Béarla cliste.

2. Beidh mé béascah i gcónaí. Oibreoidh mé go dian dícheallach agus déanfaidh mé mo chuid oibre I gcónaí go ciúin. Tuigim gur áit foghlama í an scoil agus go bhfuil sé de cheart ag gach dalta foghlaim anseo gan cur isteach ó éinne agus tá sé de cheart ag gach múinteoir a c(h)uid oibre a dhéanah gan aon cuir isteach ó éinne. Ní chuirfidh mé isteach ar an múinteoir nó páistí eile agus iad ag déanamh a gcuid oibre sa rang mura bhfuil sé práinneach. Má tá ceist agam cuirfidh mé suas mo lámh agus beidh mé foighneach agus fanfaidh mé go dtí go bhfuil an múinteoir ullamh.

3. Coiméadfaidh mé an scoil, deas glan i gconaí, saor ó bhrúscar.

4. Beidh m’obairbhaile déanta ar bharr mo chumas i gconaí agus sínithe i gconaí.

5. Cuirfidh mé m’éide scoile orm gach lá agus éide reatha nuair atá corpoideachas agam.

6. Tuigim go bhfuil cead agam studs a chaitheamh i mo chluasa agus tuigim nach bhfuil cead agam fáinní cluasa a chur ar aon chuid eile do mo chorp.

7. Ní chuirfidh mé aon smidiú nó snas iongan a bheith orm agus mé ag teacht ar scoil.

8. Fágfaidh me earraí luachmhara ar nós bréagaín, fón póca, srl sa bhaile.

9. Beidh mé in am ag teacht ar scoil gach lá.

10. Beidh mé deas cinéalta, cuirtéiseach, cabhrach le gach éinne sa scoil, foireann na scoile, páistí eile, tuismitheoirí, cuairteoirí agus araile.

11. Labharfaidh mé go deas béasach I gconaí. Ní usáidfidh mé droch theanga.

12. Tabharfaidh mé litir don mhúinteoir má bhím asláthair nó ag dul abhaile luath.

13. Tuigim nach nglactar le bulaíocht ag am ar bith.

14. Tabharfaidh mé aire do throscáin, fearas agus leabhair scoile I gconaí.

15. Inseoidh mé an fhírinne i gconaí.

16. Íosfaidh mé mo lón ag am lóin agus tuigim nach bhfuil sé ceadaithe a bheith ag ithe nó ag ól le linn na ranganna.

17. Bainfidh taitneamh as mo chuid scolaíochta agus eispearas dearfach a bheidh ann dom.

18. Ní thabharfaidh mé aon saghas tuaslagaí, alcól, drugaí, tippex, tobac ar scoil liom .

19. Tabharfaidh mé lón folláin liom ar scoil gach lá .

Déanaim leo siúd mar ba mhaith liom go ndéantar liomsa.

Rialacha an Chlóis

1. Labharfaidh mé Gaeilge sa chlós. S’í teanga na scoile í agus tuigim gur fearr Gaeilge briste ná Béarla cliste.

2. Bainfidh mé taitneamh as mo chuid ama sa chlós mar ní bheidh mé ag iomarscáil, ag buaileadh daoine, ag bríon, ag brú daoine sa líne nó I rith cluichí. Ní ghlaofaidh mé ainmneacha ar aon pháiste sa chlós .

3. Gheobhaidh mé cead I gcónaí ón múinteoir atá ar an gclós más gá dom dul isteach sa seomra ranga I rith am loin.

4. Coimeádfaidh mé an chlós glan.

5. Nuair a bhuaileann an clog, siúlfaidh mé go dtí mo líne gan a bheith ag buaileadh nó ag brú. Fanfaidh mé do mo mhúinteoir agus rachaimid isteach sa rang I líne.

6. Beidh mé cúramach agus mé ag rith timpeall an chlóis ionas nach ngortóidh mé páiste nó duine fásta.

7. Beidh me deas le daoine eile I gconaí, imreoidh mé leo agus beidh mé ag faire amach do dhaoine eile.

8. Má tharlaíonn rudaí gránna sa chlós domsa, nó do dhaoine eile inseoidh mé don mhúinteoir atá ar an gclós mar tá sé/sí ann chun cabhrú linn le fadhbanna mar sin.

9. Má chuireann an múinteoir ceist orm mar gheall ar eachtra a tharla domsa nó do dhaoine eile ar an gclós, freagróidh mé í go fíreannach agus go béasach agus le meas agus tabharfaidh mé an t-eolas atá agam do/di.

10. Labharfaidh mé go béasach agus go cineálta le gach duine I bpobal na scoile. Ní usáidfidh mé drochtheanga riamh.

11. Siúlfaidh mé I gconaí agus mé istigh I bhfoirgnimh na scoile.

12. Ar lá fliuch tuigim go mbeidh orainn fanacht istigh inár seomraí ranga. Beidh mo chuid iompar go maith istigh sa seomra ranga chomh maith agus tuigim nach bhfuil cead agam a bheith ag siúl timpeall.

13. Ní fhágfaidh mé éinne amuigh leo féin. Déanfaidh mé gach iarracht a chinntiú go bhfuil gach duine breá sásta agus ag imirt le duine éigin.

14. Fanfaidh mé i mo chlós féin nuair atáim ag imirt.

Déanaim leo siúd mar ba mhaith liom go ndéantar liomsa.