Cód Iompar


Cód Iompair Riailbhéasa agus Smachta

Tá sé mar aidhm ag an gCód a chinntiú go gcuirfear indibhiúlacht gach uile pháiste san áireamh agus go nglacfar ag an an céanna le ceart an pháiste oideachas a fháil i dtimpeallacht atá réasúnta saor ó iompar toirmeascach.

Tá sé mar aidhm leis ag an gCód iompair riailbhéasa agus smacht a chinntiú:

A. Go gcothófar feidhmiú eífeachtach na scoile agus dea - smacht sna ranganna chun go gcoinneófar atmaisféar spreagúil foghlamtha.

B. Go gcoimeáfar ardchaighdeán smachta ar fud na scoile agus meas ar thimpeallacht agus pobal na scoile.

C. Go gcothófar féinsmacht sna daltaí agus é bunaithe ar mheas agus ar thuiscint dá chéile.

Rialacha na Scoile

An Ghaeilge

Is é an Ghaeilge príomh theanga chumársaide na scoile agus ní mór do gach páiste ó rang na náionán ar aghaidh iarracht í a labhairt. Beifear ag súil go dtabharfaidh na tuismitheoirí gach spreagadh do na leanaí agus go ndéanfaidh siad féin iarracht í a labhairt go mórmhór i dtimpeallacht na scoile. Beifear a súil go dtabharfaidh na páistí is sinsearaí sa scoil deá-shampla dó pháistí níos óige ná iad ó thaobh na Gaeilge de.

Éide Scoile

Ar mhaithe leis na páistí bheimís ag súil go gcaithfeadh na páistí éide scoile gach lá, ach amháin éide spóirt agus bróga reatha á chaitheamh acu lá an Corp Oideachais. Mura bhfuil éide spóirt ag do pháiste caithfidh siad a n-éide scoile a chaitheamh ar lá an Corp Oideachais. Ghearrfar pionós ar na páistí nach gcomhlíonann an riail seo mura bhfuil nóta acu. Is ceart go mbeidh lipéidí buana le (h)ainm(neacha) do pháiste ar gach ball éadaí.

Ó thaobh sábháilteachta de is ceart go ndéanfadh na tuismitheoirí deimhin de nach gcaitheann a pháiste(í) aon fháinní cluaise ach amháin ‘studs’ ina gcluasa. Níl cead aon fháinní cluaise a chaitheamh in aon bhall eile den chorp. Ní cheart go mbeadh aon aghaidh smidiú nó snas iongan ar aon pháiste sa scoil ach an oiread.

Lón

Tá polasaí lóin folláine againn sa scoil. Is ceart do na haon dalta lón folláin a thabhairt ar scoil. Is ceart go mbeadh lón na náionán r

Ní cheadaítear cnónna ar fhaitíos go bhfuil ailéirge cnónna ag aon pháiste nó ó thaobh sábháilteacht de. Ní cheadaítear guma coganta. Moltar gan aon bhuidéal yops, gervais, actimel srl. a thabhairt ar scoil mar loiteann siad éide scoile agus urlár an seomra ranga nuair a dhoirteann siad. Moltar gan aon criospaí nó popcorn a thabhairt ar scoil mar bíonn boladh lofa sa rang agus praiseach mór nuair a dhoirteann siad. Moltar gan aon winders a thabhairt ar scoil.

Moltar aon cheann den bhia seo a leanas nó meascán fiú: ceapaire, rolla, craiceair nó mar sin de, torthaí nó glasraí réidh le h-ithe ,barra beag seacláide nó milseán amháin, frubes nó íogart, pasta srl.

Asláithreachtaí

Tá polasaí asláithreachtaí againn sa scoil. Le do thoil scríobh litir ag an scoil nuair a bhíonn do pháiste as láthair nó ar chúl dialann scoile do pháiste. Tá sé mar dhualgas ar an scoil a chur in iúl do Tusla (The Child and Family Agency) nuair a bhíonn páiste in easnamh níos mó ná 20 lá in aon scoil bhliain. Cuirfear litir chugaibh chun é seo a chur in iúl daoibh chomh maith.

Amannta Scoile

Osclaíonn an scoil ag 8:40 r.n. Críochnaíonn lá scoile na Naíonáin ag 1:30 i.n agus críochnaíonn an lá scoile do pháistí ó Rang a hAon go Rang a Sé ag 2:30 i.n. Ó thaobh árachais agus sábháilteacht do pháistí bígí in am chun iad a bhailiú le do thoil. Ná fág aon pháiste riamh sa scoil nó i gclós na scoile roimh 8:40 r.n.fiú má tá múinteoirí sa scoil mar tá siad ag obair ins na seomraí ranga agus níl sé de dhualgas ar mhúinteoirí glacadh le leanaí roimis a 8:40. Níl cead ag na páistí an scoil a fhágail i gcaitheamh an lae. Má tá tú ag bailiú do pháiste go luath; scríobh nóta gairid i ndialann an pháiste agus is féidir do pháiste a bhailiú ag an oifig nuair a shínítear amach iad. Mura bhfuil an rúnaí san oifig bailigh iad ag an seomra ranga le do thoil. Is é freagracht na tuismitheoirí páistí a thabhairt agus a bhailiú ag an am tosnaithe agus críochnaithe d’imeachtaí i ndiaidh am scoile.

Leabhair

Ba chóir go mbeadh meas ag na páistí ar a gcuid leabhair agus gach leabhar a bhaineann leis an scoil agus go gcoinneoidh siad néata iad. Tá scéim cíosa againn sa scoil.

Sealúchas na Scoile / Daoine Eile

Ní foláir do na páistí meas a bheith acu ar shealúchas na scoile agus shealúchas daoine eile. Is ceart dóibh an scoil a choimeád slachtmhar go háirithe a seomra ranga féin, an chlós agus na leithris.

Sealúchas Pearsanta

Ní cheadaítear, ach ar lá an-speisialta, ceadaithe ag na múinteoirí aon bhréagáin, cártaí, nó éarraí luachmhara a bhaineann leo féin a thabhairt ar scoil. Níl cead fón póca, ipod, srl a thabhairt ar scoil.

Béasaí agus Iompar

Iarrtar ar na daltaí bheith deá-bheásach agus cuimsitheach i gconaí lena chéile agus le pobal na scoile i gcoitinne. Ní ghlactar le h-aon sórt drochiompar, caint ghairsiúl, aisfhreagraí, soibealtacht nó glaoch ainmeacha ar pháistí eile a tharraingeodh drochtheist ar an scoil.

Páistí Tinn

Ní cheart go mbeidh páistí tinn curtha ar scoil. Ní féidir feitheoireacht a dhéanamh ar pháiste tinn ag am lóin. Mura bhfuil do pháiste ar fónamh chun dul amach ag imirt ní cheart go mbéidis ar scoil. Má éiríonn do pháiste tinn nó gortaithe ar scoil cuirfear glaoch ar thuismitheoirí an linbh agus ansin ar na huimhreacha eigeandála, muna n-éiríonn linn dul i dteangabháil leis na tuismitheoirí. Tá sé mar dhualgas ag na tuismitheoirí na huimhreacha éigeandála a choiméad suas chun dáta agus uimhreacha an dochtúra a chur ar fhoirm iontrála an pháiste.

Timpistí Leithris

Sa chás is go mbíonn timpistí ó thaobh an leithreas de, cuirtear glaoch ar thuismitheoirí. Muna bhfuil fáil orthu, cuirtear glaoch ar na huimhreacha éigeandála agus deintear socrú ansin ar dhuine éigin chun éadaí an linbh a athrú. Idir an dá linn, má ta deartháir nó deirfiúr níos sine acu sa scoil, cuirfear glaoch orthu chun cabhrú leo in aon slí gur féidir leo.

Feitheoireacht

Ó thaobh árachais de ní cheadaítear aon pháiste a fhágaint istigh sa seomra ranga ag am lóin gan múinteoir ag déanamh feitheoireachta air/uirthi. Déanfar feitheoireacht don mhéid is gur féidir ar aon pháiste tinn nó gortaithe go dtí go mbailítear iad.

Istigh Sa Rang

Ligtear don mhúinteoir is í/é i mbun múinteoireachta de, ach amháin má tá sé tábhachtach nó práinneach. Ní cheadaítear d’aon pháiste a bheith ag cur isteach ar pháistí eile agus iad i mbun oibre istigh sa rang.

Cur Isteach ar Obair Ranga.

Chun srian a chur leis na huaireanta a chuirtear isteach ar obair ranga; is féidir boscaí lóin, airgead, leabhair scoile, nó aon rud eile go dteastaíonn ó thuismitheoir a thabhairt dá bpáiste a fhágaint san oifig nó mura bhfuil an runaí ann, fág leis an múinteoir achmhainne é.

Sa Chlós

Sa chlós, iarrtar ar dhaltaí gan a bheith ag rith go dainséarach nó go garbh, gan a bheith ag caitheamh clocha nó ag dreapadh ar an gclaí, gan a bheith ag rith ar na céimeanna nó ar na rampaí, gan a bheith ag léim ar na ráillí agus gan bheith ag iompar a chéile ar a ndroimeacha. Bheimís ag súil go n-imríonn siad

lena chéile agus go bhfaireann said amach dá chéile agus go háirithe do pháistí níos óige ná iad. Níl cead dul isteach sa seomra ranga nuair nach bhfuil múinteoir ann gan cead faighte ón múinteoir ar an gclós.

Mí Usáid Substaintí

Tá cosc iomlán sa scoil ar dhrugaí, alcól, buidéal gloine, tabac, lasáin, lastóir, tippex agus díbholaíocha etc.

Dáileadh Leighis

(Más rud é go bhfuil leigheas le fáil ag do pháiste ar scoil lorg cóip den pholasaí leighis na scoile ón oifig). Níl cead ag aon pháiste nó aon mhúinteoir leigheas nó drugaí a dháileadh sa rang/scoil gan litir scríofa. Níl aon dualgas ar aon mhúinteoir leigheas a dháileadh. Más rud é nach bhfuil aon rogha ag an bpáiste agus nach bhféadfadh sé nó sí freastal ar an scoil gan an leigheas seo ar fáil dó/di; caithfidh tuismitheoirí an pháiste áirithe litir a scríobh chuig an mBord Bainistíochta ag iarraidh cead orthu an leigheas seo a chur ar fáil dá bpáiste agus/nó go ndáilfeadh múinteoir áirithe é más gá. Pléifidh Bord Bainistíochta cás an pháiste seo agus déanfaidh siad son an cinneadh faoi. Tá sé mar dhualgas ar thuismitheoirí na scoile a chur in iúl ar fhoirm iontrála an pháiste má tá a fhios acu go bhfuil tinneas, ailéirge srl ar a bpáiste(í).

Obairbhaile

Táthar ag súil go ndéanfadh gach dalta a (h)obairbhaile i gceart. Ba chóir go mbeadh dialann/leathanach obair bhaile do pháiste sínithe gach oíche. Munar féidir le do pháiste a (h)obairbhaile a dhéanamh, ní mór duit litir míniúchán a scríobh don mhúinteoir. Is slí teangabhála é an dialann/leathanch obair bhaile idir an múinteoir agus an tuismitheoir. Ní cheart níos mó ná na hamannta seo a chaitheamh ar obair bhaile.

Naíonáin Bheaga agus Naíonáin Mhóra 15 nóiméad

Rang a hAon agus Dó 30 nóiméad

Rang a Trí agus Ceathair 45 nóiméad

Rang a Cúig agus Sé uair a chloig

Duaiseanna

Deánfar gach iarracht leis and gCód Iompair na páistí a spreagadh ó thaobh Gaeilge, obair agus iompar de. Seo a leanas an Chód a úsaidtear ó lá go lá sa scoil ó Naíonáin go Rang a Ceathair.Tá córas nach mór mar an gcéanna i ranganna 5 agus 6 ach nach bhfuil na pointí laethúla acu.

Gach lá scríobhtar pointí an pháiste i ndialann Obair Bhaile/Leabhar Nótaí Iompar an linbh. Tagann an páiste ar scoil gach lá, tosaíonn sé/sí amach le

10/10. Cailleann sé/sí marc de bharr droch iompar, ach faigheann sé/sí marcanna sa bhreis do dhea iompar. Caithfear na marcanna seo a shíniú ina leabhar nótaí baile gach aon oíche. San tslí seo bíonn a fhios ag na tuismitheoirí conas mar atá a pháiste(í) ag iompar iad féin go laethúil.

Coimeádann an múinteoir an ranga tuairisc ar aon dhroch iompar i bhfillteán smachta an ranga. Seoltar an fillteán seo ar aghaidh ag deireadh na scoil bhliana. Má chuirtear ainm an pháiste sa leabhar seo 3 uaire i ndiaidh a chéile, faigheann an páiste foláireamh ranga foirmiúil ón múinteoir ranga. (Mínítear na foláirimh seo níos faide ar aghaidh sa chód.)

I bhformhór na gcásanna tosnóidh gach páiste i dtosach gach aon téarma as an nua. Séard a chiallaíonn sin ná: má tá foláireamh ón bPríomhoide faighte ag do pháiste sa chéad téarma agus gan aon cheann eile ina dhiaidh sin; tosnóidh sé nó sí an chéad téarma eile nua gan foláireamh ar bith aige nó aici. Tosnóidh an chéad téarma i Meán Fómhair go deireadh mí Dheireadh Fómhair, ansan go dtí an Nollaig, ansan go dtí an Cháisc agus ansin go dtí an Samhradh.

Beagnach gach Aoine bíonn tionól scoile/ranga againn áit a fhaigheann na páistí moladh agus duaiseanna don iarracht a dhein siad leis an nGaeilge, iompar nó obair. Ag an tionól seo bronnfar trofaí ar scoláirí na seachtaine ó gach aon rang sa scoil; sé sin an páiste an dhein an iarracht is mó leis an trí catagóir: Gaeilge, obair, iompar. Bronnfar teastais chomh maith ar an bpáiste a dheineann an iarracht is mó gaeilge chruinn a labhairt sa rang agus sa chlós. Breacfar síos ainmneacha na bpáistí seo i leabhar an chlóis.

Córas Grádaithe Smachta

Céim 1

Tá gá le smachtbhannaí chun míshástacht i leith iompair nach féidir glacadh leis a chur in iúl. Is córas grádaithe smachtbhannaí é seo a leanas a chuirfear i bhfeidhm i gcás mí-iompair beagchúisigh a tharlaíonn go minic nó i gcás mí-iompair thromchúisigh nó fíor throm chúisigh. Tá solúbhtacht ag baint leis an gcóras seo áfach chun go gcuirfí tosca gach dalta ar leith san áireamh. Braitheann cuid de na smachtbhannaí ar aois agus ábaltacht an linbh de réir tuairisc siceolaí/sícratraí cáilithe. Dá réir sin is féidir órd na smachtbhannaí a athrú más gá.

Mí iompair beag chúisigh.

Séard is mí-iompar beag chúisigh ná briseadh rialacha na scoile: dialann obair bhaile gan a bheith sínithe, Béarla á labhairt, gan a bheith ag caitheamh éide scoile, bruscar a chaitheamh timpeall, dul isteach sa rang ag am sosa gan cead, caitheamh smidiú/seodra, cur isteach ar an múinteoir/rang, ag rith sa seomra, droch mhúínte srl.

A.Plé: Dul chun reasún leis and dalta

B.Comhairle: Comhairle a leasa a chur ar an ndalta

C. Smachtbhannaí: An dalta a scarúint go sealadach óna p(h)iarghrúpa. Pribhléidí a bhaint de/di, Córas réalta-pointí bainte sa dialann obair bhaile, leabar nótaí iompar, breis obair a thabhairt don pháiste, nóta faoin eachtra agus é le bheith sínithe ag an tuismitheoir, coiméadtar tuairsc faoin drocht iompar i leabhar smachta an ranga, scartha amach óna gcairde sa chlós nó faoi fheitheoireacht an mhúinteora sa rang ag am loin, gan cead dul ar an dturas scoile nó turasanna aitiúila scoile eile ar bhonn shábháilteacht na bpáistí eile agus an páiste féin.

D. Más é seo an triú eachtra beag chúisigh in aon téarma amháin cuirfear an chéad litir rabhaidh abhaile an foláireamh ranga. Más é seo an seú eachtra beag chúisigh in aon téarma cuirtear scéal ag an bpríomhoide agus cuirtear an litir rabhaidh foláireamh ón bpríomhoide abhaile. I gcásanna áirithe is cuma más é an chéad/cúigiú eachtra beag chúisigh cuirtear scéal chuig an bPríomhoide ag brath ar an eachtra agus cuirtear litir foláireamh abhaile.

Lorgaíonn an múinteoir coinneadh leis an dtuismitheoir más gá ach má chuirtear foláireamh ranga abhaile agus lorgaítear coinneadh leis an muinteoir agus príomhoide má chuirtear foláireamh ón bpríomhoide abhaile

Céim 2: Idirghabháil an Phríomhoide

A. Comhairle: Comhrá leis an dalta

Ceartúcháin

B. Litreacha Rabhaidh

Mí iompair tromchúisigh.

Séard is mí iompair trom chúisigh ná páiste de shíor ag cur isteach ar an rang/múinteoir, bréag i ndiaidh bréag, buaileadh fisiciúil, gadaíocht, briseadh nó cur isteach ar shealúchas na scoile nó sealúchas páiste eile, bulaíocht, aisfhreagairt le muinteoir nó duine fásta eile sa scoil, caint nó iompar maslach ar pháiste, múinteoir nó ball eile d’fhoireann na scoile, an scoil a fhágaint i gcaitheamh an lae gan cead, droch theanga a úsáid nó a scríobh, buidéal gloine, tippex etc nó tuaslagaí eile, fón poca nó earraí luachmhara a thabhairt ar scoil, páiste eile sa scoil a ghortú d’aon ghnó nó páirt a ghlacadh i aon rud a chuirfeadh sabháilteacht an linbh féin nó leanbh eile i ndáinséar, sconna a fhágaint ar siúl d’aon ghnó nó cosc a chur ar úsáid an leithris, cur isteach ar threalamh tine. (Níl an liosta seo spíonta).

I gcásanna mí-iompair tromchúisigh

* Coimeádfar tuairisc d’aon iompair trom chuisigh.

* Más earra luachmhar i.e fón póca nó sceanna, tuaslagaí, tabac, lasáin, drugaí agus alcól atá tugtha ar scoil ag an dalta, bainfear dóibh é.

* Tógfar amach an páiste ó pé rud atá ar siúl má tá sé contúirteacht dá shabháilteacht féin nó sabháilteacht leanaí eile.

* Cuirtear an páiste go dtí an príomhoide/leas phríomhoide agus cuirtear ina leith gur féidir é/í a chur ar fionnraíocht

* Litir rabhaidh ón bpríomhoide a chur abhaile.

* D’fhéadfaí an páiste a chur ar fionnraí má cheapann an bord bainistíochta go bhfuil gá leis.

Mí iompair fíor throm chúisigh

Séard is mí iompair fíor throm chúisigh ná sladaireacht a dhéanamh ar shealúchas na scoile d’aon ghnó, iompar ionsaitheach, bagrach, foréigneach, i leith páiste eile, múinteoir nó duine eile a oibríonn sa scoil, sabháilteacht páiste, múinteoir nó ball eile don scoil a chur i mbaol, alcól, drugaí, tabac, lasáin a thabhairt ar scoil. Níl an liosta seo spíonta.

I gcásanna mí iompair fíor throm chúisigh

* Coimeadtar tuairisc.

* Cuireann an príomhoide fios ar tuismitheoirí/caomhnóirí an pháiste.

* D’fhéadfaí an páiste a chur ar fionraíocht/díbirt ón scoil.

Litreacha foláirimh

A.Foláireamh Ranga

* An chéad fhógra chuig tuismitheoirí ón Múinteoir Ranga.

* Ainm an pháiste i leabhar smachta an ranga 3 n-uaire in aon téarma do dhroch-iompar beag chuisigh/iompar trom chúisigh. D’fhéadfaí an litir seo a chur abhaile ar an gcéad eachtra trom chúisigh. D’fhéadfaí coinneadh a eagrú idir an múinteoir agus an tuismitheoir.

B.Foláireamh ón bPríomhoide

* Litir Rabhaidh chuig Tuismitheoirí ón bPríomhoide.

* Ainm an pháiste i leabhar smachta an ranga 3 n-uaire eile do mhí iompair beag chuisigh/aon mhí iompair trom chúisigh. D’fhéadfaí coinneadh a eagrú idir an múinteoir, tuismitheoir agus príomhoide.

C. An Foláireamh ón bPríomhoide D’iompar fíor throm chuisigh/ eachtraí mí iompair trom chuisigh/ cuirtear

an fólaireamh deireanach abhaile ón bPríomhoide. Iarrfar ar thuismitheoirí teacht go dtí an scoil gan mhoill.

Chun a chinntiú go bhfaighidh tuismitheoirí na Litreacha Rabhaidh thuasluaite ní mór b’fhéidir iad a chur sa phost agus iarraidh ar na tuismitheoirí iad a shíniú agus a chur ar ais chuig an múinteora/ Phríomhoide faoi seach.

Fionraíocht: Acht Oideachais Aonad 29

Áit a mbíonn samplaí de mhí –iompar suntasach ag titim amach go rialta curfear seo in iúl do Chathaoirleach an Bhoird Bhainistíochta agus iarrfar i scríbhinn ar na tuismitheoirí freastal ar an scoil chun bualadh leis an gCathaoirleach agus/nó baill do bhord bainistíochta na scoile, Príomhoide agus múinteoir ranga. Beidh sé seo de réir téarmaí Rialacha 130(5) de na Rialacha le haghaidh Scoileanna Náisiúnta nó de réir Acht Oideachais Aonad 29. Ní rachaidh an chéad tréimhse fionraíochta thar 3 lá scoile. Cinnteófar an tréimhse fionraíochta sa bhfógra fionraíochta a bheidh sínithe ag Cathaoirleach an Bhoird Bhainistíochta agus ag an bPríomhoide. Más fionraíocht 6 lá atá i gceist cuirfear é seo in iúl don N.E.W.B/cigire na scoile. Ar a theacht ar ais ar scoil don dalta ba chóir go dtiocfadh tuismitheoir nó caomhnóir ina t(h)eannta chun bualadh leis an bPríomhoide.

Má dhéantar sarú ar an gcód arís d’fhéadfaí an páiste a chur ar fionraí 10 lá de réir na treoir línte.

Riail 130(5) de na rialacha le haghaidh Scoileanna Náisiúnta.

“Nuair a shíleann an Bord bainistíochta gur gá soláthar a dhéanamh sa chóras araíonachta chun déileáil le daltaí síor-dhocheansaithe nó le mórsharú riailbheasa trí údarás a thabhairt don Chathaoirleach nó don Phríomhoide dalta nó daltaí a ionnarbadh ón scoil ní rachaidh an chéad tréimhse ionnarbadh sin thar trí lá scoile. Ní mór cinneadh ar leith ón mBord Bainistíochta chun tréimhse bhreise ionnarbhtha nach rachaidh thar deich lá scoile ar a mhéid a cheadú chun gur féidir dul i gcomhairle le tuismitheoirí nó caomhnóirí an dalta nó na daltaí.I dtosca eisceachtúla, is féidir leis an mBord bainistíochta tréimhse bhreise ionnarbtha a cheadú, chun go ndéantar athbhreithniú ar an cheist.”

I gcás mí-iompair míchuibheasaigh, agus /nó ó thaobh sábháilteacht an pháiste féin sabháilteacht páistí eile nó sabháilteacht foireann na scoile tabharfaidh an Bord údarás don Chathaoirleach nó don Phríomhoide an dalta a chur ar fionraí ón scoil láithreach bonn go dtí go mbíonn deis ar fáil chun an cheist a phlé leis na tuismitheoirí.

Díbirt

I bhfíordroch-chás déanfar machnamh ar dhalta a dhíbirt as an scoil de réir téarmaí rialach 130(6) de na Rialacha le haghaidh Scoileanna Náisiúnta. Leanfar na modhanna céanna don bhfionraíocht chun páiste a dhíbirt ón scoil ach go gcaithfear a chur in iúl d’oifigeach an N.E.W.B 20 lá roimis an pháiste a dhíbirt.

Achomharc

I ngach cás maidir le dalta a chur ar fionraí go mbeadh 20 lá scoile sa tréimhse seo nó níos faide nó páiste a dhíbirt as an scoil tá sé de cheart ag na tuismitheoirí nó ag na caomhnóirí achomharc a dhéanamh leis an mBord Bainistíochta nó leis an Roinn Oideachais agus Eolaíochta. Caithfear a chur in iúl do thuismitheoirí/caomhnóirí an páiste go gcaithfear aon achomharc a dhéanamh lastigh do 42 lá féilire ón lá a cuireadh in iúl dóibh go mbeadh an páiste á chur ar fionraíocht/díbirt. Tabharfar cóip de chiorclán 22/02 do na tuismitheoirí.

Teangmháil Múinteoirí agus Tuismitheoirí.

Tá ról an –tábhachtach ag tuismitheoirí i múnlú dearcaidh a chothaíonn dea-iompar ar scoil. Cuirtear fáilte roimh thuismitheoirí sa scoil i gcónaí agus iarrtar orthu lán úsáid a bhaint as na bealaí cumarsáide foirmiúla a chuireann an scoil ar fáil dóibh. Eagraítear cruinnithe le muinteoirí uair sa bhliain agus is féidir bualadh le múinteoir aon am eile i gcaitheamh na bliana ach coinne a shocrú tríd an Runaí roimh ré. Is ceart nuair a lorgaítear aon chruinniú idir múinteoir, tuismitheoir, nó Príomhoide na scoile go gcuirtear in iúl cúis na cruinnithe sin i bhfoirm scríbhinn nó labhartha.

Tá an Cód Riailbhéasa agus Smachta leaghta amach de réir imlitreach 20/90 na Roinne Oideachais. Beidh sé de cheart ag an mBord Bainistíochta Rialacha na Scoile a athrú amach anseo dá dtarlódh sé go mbeadh gá lena leithéid. Cuirfear tuismitheoirí na scoile ar an eolas seo.

Bulaíocht

Seárd is bulaíocht ann ná ionsaí leanúnach, labhartha síceolaíocht nó fisiciúil, a dhéanamh ag duine aonair nó ag grúpa ar dhaoine eile. Ní hairítear ionsaí uair umá seacht mar bhulaíocht cé nach dtabharfar cluasbhodhar dó. Ach bíodh sin mar atá nuair a leanann an iompar seo d’aon ghnó ‘sé atá ann ná bulaíocht’.

Tá cosc ar aon sort bulaíochta sa scoil seo agus ní glactar leis ar chor ar bith.

Fiosraítear is coimeádtar cúntas ar gach tuairisc ar bhulaíocht fiú más beag thábhachtach iad agus déanann na múinteoirí plé leis na páistí lena mbaineann sé. Moltar sa scoil tuairsc a choimeád ar na heachtraí seo.

Cuirtear cásanna bulaíochta tromchúiseacha faoi bhráid an Phríomhoide.

Cuireann and Príomhoide tuismitheoirí nó caomhnóirí na bpáistí lena mbaineann sé ar an eolas ionas go mbeadh sé ar a gcumas dul i mbun oibre leis an scoil chun gach tacaíocht a thabhairt dá bpáistí.

Tá bealaí difriúla ag an scoil chun deileáil le tuairiscí de chásanna bulaíochta a fhaightear ó pháiste, páistí, múinteoirí, baill eile don fhoireann nó tuismitheoirí. Cuir ceist ar an bpríomhoide má theastaíonn uaibh féachaint ar na mbealaí seo atá sna polasaithe atá san oifig againn.